An tAontas Eorpach

Shínigh sé thír an Conradh faoinar bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) (an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír) sa Róimh an 25 Bealtaine 1957. Ghlac Éire ballraíocht le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, ar ar tugadh an tAontas Eorpach ina dhiaidh sin, sa bhliain 1973 in éineacht leis an mBreatain agus an Danmhairg. B'in é an chéad cheann de "Mhéaduithe" an AE. Tharla tuilleadh méaduithe sna blianta 1981 (an Ghréig), 1986 (an Spáinn agus an Phortaingéil), 1995 (an Ostair, an tSualainn agus an Fhionlainn) agus sa bhliain 2004 (an Chipir, Poblacht na Seice, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic agus an tSlóivéin) agus sa bhliain 2007 (An Bhulgáir agus An Rómáin). Féach ár Leathanach Méadaithe i gcomhair tuilleadh eolais i leith mhéadú an Aontais Eorpaigh.
Is teaghlach de thíortha daonlathacha san Eoraip é an tAontas Eorpach (AE), a bhfuil rún daingean aige comhoibriú ar mhaithe le síocháin agus rathúnas. Ní Stát é a bhfuil de chuspóir aige áit na Stát atá ann faoi láthair a ghlacadh, agus ní eagraíocht do chomhoibriú idirnáisiúnta amháin atá i gceist ach oiread. Is uathúil an foras é an tAE. Tá institiúidí comhchoiteanna bunaithe ag na ballstáit, a dtarmligeann siad cuid dá gceannasacht chucu sa chaoi is gur féidir cinntí ar chúrsaí áirithe a bhaineann leo uilig a dhéanamh go daonlathach ag leibhéal Eorpach.
Is é ceann de na príomhthosaíochtaí atá ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha é:
“Leas na hÉireann a chothú agus a chosaint ag croí an Aontais Eorpaigh, agus é ag forbairt agus ag méadú, agus forbairt níos mó a dhéanamh ar ár gcaidreamh lenár gcomhpháirtithe reatha san Aontas Eorpach agus le comhpháirtithe nua amach anseo chun na cuspóirí sin a bhaint amach."
Is é ár sprioc sa chuid seo den láithreán gréasáin, tuilleadh eolais a chur ar fáil faoin a lán de na príomhcheisteanna san Aontas Eorpach a bhaineann le hÉirinn, chomh maith le roinnt eolais ar an chaoi a bhfeidhmíonn an AE. Tá roinnt eolais ann chomh maith ar an chaoi ar fhás an tAE agus faoi ról na hÉireann san AE.

Conradh um Athchóiriú an AE
Tháinig Cinn Stáit agus Rialtais an AE ar chomhaontú i leith Chonradh an AE ag cruinniú thall sa Liospóin an 18 agus 19 Deireadh Fómhair. Glacfar leis go foirmiúil i mí na Nollag.
Read More Here
An Eoraip a Chumarsáid
Leagaimid amach ar an leathanach An Eoraip a Chumarsáid conas is féidir le saoránaigh an Aontais an méid a dhéanann an tAontas dóibh a fháil amach.
Read More Here
Institiúidí Eorpacha
Cuireann a lán daoine ceist faoin gcaoi ina n-oibríonn an tAE. Tugaimid achoimre inár rannóg i leith na nInstitiúidí Eorpacha na hInstitiúidí éagsúla atá mar bhunús don Aontas agus mínímidne conas a oibríonn siad i gcomhar a chéile.
Read More Here
Beartais Phobail
Cuirimid síos sna Beartais Phobail ar roinnt de na príomhbheartais inmheánacha a rannchuireann le gnáthshaol laethúil na saoránach.
Read More Here

