AN tAIRE STÁIT UM FHORBAIRT THAR LEAR
Aire Stáit ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha, le freagracht as Forbairt Coigríche.
Ceapadh Peter Power mar Aire Stáit ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha, le freagracht as Forbairt Choigríche, i mí Bealtaine 2008. Mar Aire Stáit d'Fhorbairt Coigríche, tá an tAire Power freagrach as Cúnamh Éireann, clár oifigiúil chúnamh forbartha (CFO) Éireann. Chuir an ECFE an lipéad "ceannródaíoch" ar an gclár, agus tá fóirithint Chúnamh Éireann aontaithe agus dírithe ar na tíortha is lú forbartha, na tíortha san Afraic Fho-Shahárach go háirithe. De bhreis ar mhaoirsiú a dhéanamh ar an tacaíocht a thugtar le forbairt fhadtéarmach a bhunú sna tíortha seo, tá an tAire freagrach as freagairt oifigiúil na hÉireann i leith tubaistí daonnúla.
Tá an troid i gcoinne ocras domhanda sainithe ag an Aire mar bhunchloch chlár Chúnamh Éireann. Ó ceapadh é mar Aire Stáit, eisean a thóg ceannasaíocht ar chur i bhfeidhm mholtaí Thascfhórsa Ocrais Éireann. Ag tabhairt aitheasc Éireann dó do Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, ghríos an tAire Power an comhphobal idirnáisiúnta dul i ngleic le bunchúiseanna an ocrais, le béim ar leith ar thaighde talmhaíochta agus feirmeoirí baineannacha.
Ceapadh go Dáil Éireann (parlaimint na hÉireann) é in Olltoghchán 2002, agus feidhmíonn Peter Power ar son dháilcheantar Luimnigh Thoir. Chaith sé seal mar Chathaoirleach ar an gCoiste um Dhlí, Ceart, Athchóiriú Dlí, Cosaint agus Cearta na mBan ó 2007-2008. Bhí sé ina Leas-Mhéara ar Chathair Luimnigh ó 2001-2002 agus chaith sé tréimhse mar aturnae go dtí gur ceapadh é go Dáil Éireann sa bhliain 2002.
Tá sé ina chónaí i Luimneach lena bhean chéile, Lorraine, agus a gceathrar páistí.
Seol ríomhphost chuig an Aire Stáit Power
Barr

