Clárú Taistil
Moltar do shaoránaigh Éireannacha a bhíonn ag taisteal thar lear nó a bhfuil cónaí orthu thar lear, lasmuigh den Cheantar Taistil Comhchoiteann (Éire/An Bhreatain Mhór), a sonraí teagmhála a chlárú leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha. Tá clárú go hiomlán deonach. Is áis í a chuirtear ar fáil do na saoránaigh Éireannacha uile a thaistealaíonn thar lear, cé go bhfuil sé dírithe go príomhúil ar dhaoine atá chun taisteal go háiteanna iargúlta nó áiteanna a d'fhéadfadh a bheith dainséarach.
Cuirfear an t-eolas a chuirtear ar fáil le linn cláraithe ar aghaidh chuig an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire do do cheann/chinn scríbe. Ní úsáidfear an t-eolas seo ach chun teagmháil a dhéanamh leat, más gá agus/nó má iarrann do neasteaghlach orainn é, i gcás éigeandála cosúil le tubaiste nádúrtha, corraíl shibhialta nó géarchéim teaghlaigh.
Is rialtóir cláraithe sonraí í an Roinn Gnóthaí Eachtracha faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí. Ní úsáidfear aon eolas a chuirtear ar fáil don Roinn trí mheán an chórais chláraithe saoránach ar líne ach chun teagmháil a dhéanamh leat i gcúinsí eisceachtúla nó éigeandála le linn duit bheith ag taisteal thar lear. Ní cheadófaí aon phróiseáil nó scaoileadh den eolas ábhartha seachas sna cúinsí eisceachtúla dá bhforáiltear faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí. Is féidir sonraí faoi chosaint sonraí in Éirinn a fháil anseo: www.dataprotection.ie
Má shocraíonn tú fanacht thar lear i ndiaidh an dáta fillte a chuir tú ar fáil ar dtús, déan teagmháil leis an Misean Éireannach is gaire duit agus cuir ar an eolas iad. Sonraí teagmhála Ambasáidí agus Consalachtaí Éireannacha
Molaimid do shaoránaigh féachaint ar ár leathanaigh Chomhairle Taistil sula n-imeoidh siad.
Séanadh dlíthiúil.
Glactar leis gur ghlac úsáideoirí na háise cláraithe saoránach leis na téarmaí úsáide seo a leanas:
- Coinneoidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha an t-eolas curtha ar fáil ag úsáideoirí na háise chun teagmháil a éascú, más gá, i gcás éigeandála agus ní chun aon chríche eile. Ní phróiseálfar na sonraí pearsanta a chuirfear ar fáil ach de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988-2003.
- Ní ghlacfar le clárú mar ionadaíocht nó mar bharánta go rachaidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha i dteagmháil le húsáideoir na háise. Cinnfidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha an cás éigeandála aon chás ar leith agus an mbeidh gá, le haird tugtha ar na cúinsí uile, teagmháil a dhéanamh le húsáideoir na háise.
- Beidh úsáideoirí na háise freagrach as a socruithe taistil agus as a sábháilteacht phearsanta fós. Ní bheidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha, ná a hoifigigh, freagrach as gortú, caillteanas nó dochar do dhuine cláraithe trí mheán na háise seo, cibé an ndéanfaidh an Roinn teagmháil leis nó léi mar fhreagra ar chás éigeandála nó nach ndéanfaidh.
Comhlánaigh do chuid sonraí ar an bhFoirm Chláraithe Taistil le do thoil.

