Scéimeanna Maoinithe riartha ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha

Riarann an Roinn Gnóthaí Eachtracha roinnt cláir mhaoinithe. Leagtar amach faisnéis faoi chuspóir na gclár maoinithe, na critéir ábhartha agus na nósanna imeachta iarratais i gceist sna leathanaigh liostaithe thíos.

Eisiúintí Gaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.
Tacaíocht d

Tacaíocht d

Cuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha deontais ar fáil d'eagraíochtaí san earnáil dheonach a thugann tacaíocht do líonraí pobail Éireannacha thar lear. Tugtar tosaíocht ar leith do thacú le tionscnaimh a chabhraíonn le heisimircigh leochaileacha Éireannacha. Bainistíonn an tAonad um Éireannaigh Thar Lear an tacaíocht airgeadais a chuireann an Roinn ar fáil do na grúpaí seo. I 2006, tá €12 milliún ar fáil do sheirbhísí eisimirceach.

Read More Here
Cúnamh Forbartha Thar Lear

Cúnamh Forbartha Thar Lear

Déanann Cúnamh Éireann comhpháirtíochtaí maoinithe le cineálacha éagsúla eagraíochtaí agus é ag seachadadh a chuid clár. Déantar iarracht láidir a áirithiú go gcabhraíonn na ranníocaíochtaí sin le feabhas a chur ar mhisean lárnach Chúnamh Éireann maidir le bochtaineacht a mhaolú ar bhealach intomhaiste, inmharthana. Tá cúnamh forbartha leathan agus casta agus is léir go bhfuil gá le cur chuige ilghnéitheach chun cabhair a thabhairt do na tíortha is boichte ar domhan. Tá gach cineál deontais dírithe go soiléir ar ghnéithe éagsúla na forbartha, agus le chéile, tugann siad freagra cuimsitheach ar riachtanais na ndaoine agus na dtíortha is boichte ar domhan.

Read More Here
An Ciste Athmhuintearais

An Ciste Athmhuintearais

Bunaíodh an Ciste Athmhuintearais do chomhoibriú Thuaidh-Theas agus Angla-Éireannach faoi bhuiséad na Roinne i 1982. Is iad cuspóirí an Chiste cabhrú le daoine indibhidiúla agus eagraíochtaí a bhfuil baint acu le hobair athmhuintearais agus caidreamh níos fearr a spreagadh agus a éascú laistigh de thraidisiúin agus idir thraidisiúin sa Tuaisceart, idir Tuaisceart agus Deisceart, agus idir Éirinn agus Breatain.

Read More Here
An Ciste Frith-Sheicteachais

An Ciste Frith-Sheicteachais

Feidhmíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha an Ciste Frith-Sheicteachais chun cabhrú le pobail i dTuaisceart Éireann dul i ngleic leis an seicteachas agus caoinfhulaingt a chur chun cinn. D'eascair an tionscnamh seo as an tiomantas sa Chlár don Rialtas "Ciste nua Frith-Sheicteachais a bhunú chun cabhrú le tionscadail i réimsí idirphlé atá deartha go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna an tseicteachais agus chun fáil réidh le teannais".

Read More Here
An Eoraip a Chur in Iúl

An Eoraip a Chur in Iúl

Cuireann an tionscnamh An Eoraip A Chur in Iúl atá á riar ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha, deontais ar fáil d'eagraíochtaí agus do dhaoine aonair le tionscnaimh ar téama leo an tAE a fhorbairt. Feasacht a mhúscailt maidir leis an AE agus a thionchar ar Éirinn agus ar shaol na ndaoine is téama do na tionscnaimh incháilithe. An phríomhaidhm atá ag an gclár ná feabhas a chur ar chaighdeán agus ar theacht an phobail ar eolas maidir le cúrsaí an AE.

Read More Here