Skip to main content Skip to secondary navigation

Clocha Míle AE

Smaoinigh ar thús is ar dheireadh ghlóir an duine, is abair, mo ghlóir-se, a leithéid de chairde agam.

William Butler Yeats

Leagadh dúshraith an AE tar éis an Dara Cogadh Domhanda chun síocháin bhuan agus rathúnas níos mó a chinntiú san Eoraip trí chomhar geilleagrach agus comhtháthú. Ó shin i leith, tá claochlú mór tagtha ar an AE:

• Mhéadaigh sé ó 6 bhallstát go 27 (ní fada go mbeidh 28 ann)
• Leathnaíodh an bunchomhar geilleagrach, a bhí teoranta do tháirgeadh guail agus cruach, margadh aonair an lae inniu
• tá airgeadra aonair, an euro, ag 17 Bhallstát anois
• labhraíonn le guth amháin an AE ar an leibhéal domhanda tríd an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála agus an chomhsheirbhís  eachtrach.

Anseo thíos tá achoimre ar na clocha míle tábhachtacha i bhforbairt an AE,

Dearbhú Schuman agus an Comhphobal do Ghual agus Cruach

Ba é Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Robert Schuman, a thíolaic Dearbhú Schuman an 9 Bealtaine 1950. Mhol sé go gcruthófaí Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, a gcomhthiomsódh a mbaill táirgeadh an ghuail is na cruach, agus a dhéanfadh cogaí amach anseo dodhéanta, agus agus síocháin bhuan slán. Bhí an CEGC i 1951 (baill-bunaitheoirí: an Fhrainc, an Ghearmáin Thiar, an Iodáil, an Ísiltír, an Bheilg agus Lucsamburg) ar an gcéad cheann de shraith institiúidí Eorpacha fornáisiúnta as a d'eascródh "Aontas Eorpach" an lae inniu.

.

 Ceiliúrtar an 9 Bealtaine gach bliain mar "Lá na hEorpa", in onóir Dhearbhú Schuman.

Na Conarthaí

D’éirigh leis an CEGC , agus tá roinnt conarthaí ina dhiaidh sin a mharcáilt a éabhlóid isteach san Aontas Eorpach is eol dúinn inniu.

Conarthaí na Róimhe, 1957
I 1957 d'aontaigh na sé thír chéanna an dá Chonradh na Róimhe, a bhunaigh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (EURATOM). Chruthaigh an dá chonradh aontas custaim, cómhargadh atá bunaithe ar phrionsabal na saorghluaiseachta caipitil, earraí, seirbhísí agus daoine, agus creat le haghaidh comhair fheabhsaithe taighde ar fhuinneamh núicléach.

I 1967,  na hinstitiúidí ar leith a bunaíodh chun CEGC, CEE agus EURATOM a bhainistiú, comhcheanglaíodh  in aon chreatlach amháin iad don "Chomhphobal Eorpach", le Coimisiún agus Comhairle.

Tionóladh na chéad toghcháin dhíreacha chuig tríú hinstitiúid AE an lae inniu, Parlaimint na hEorpa, i 1979.

Ionstraim Eorpach Aonair, 1986
Chruthaigh sé seo móiminteam breise i dtreo lánpháirtiú na hEorpa, agus shocraigh spriocdháta de 1992 do chríochnú an mhargaidh inmheánaigh.

Conradh Maastricht, 1992
Mhéadaigh sé comhoibriú na hEorpa thar réimse na heacnamaíochta, ag leagan síos rialacha soiléire do bheartas eachtrach agus slándála agus le haghaidh ceartais agus gnóthaí baile. D’athraigh an Comhphobal Eorpach go hoifigiúil go dtí an tAontas Eorpach.

Conradh Amstardam, 1997
Leag sé seo amach pleananna chun athchóiriú a dhéanamh ar institiúidí an AE, thug sé guth níos láidre sa domhan don Eoraip agus dhírigh a cuid gníomhaíochtaí ar fhostaíocht agus ar chearta na saoránach.

Conradh Nice, 2001
D’athchóirigh sé struchtúir an Aontais chun é  a leathnú le deich mBallstát nua a thabhairt isteach i 2004.

Conradh Liospóin, 2007
Chuir sé feabhas ar an daonlathas trí chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa a neartú, le ról na bparlaimintí náisiúnta a ardú, agus ag tabhairt ceart do shaoránaigh tograí  a iarraidh go díreach ar an gCoimisiún. Shimpligh sé agus  neartaigh sé cinnteoireacht trí nósanna imeachta agus rialacha vótála a shruthlíniú, agus trí phost buan mar Uachtarán ar an gComhairle Eorpach a chruthú. D’fheabhsaigh sé cumas an AE chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda trína chomhbheartas eachtrach a neartú trí sheirbhís do chomhbheartas eachtrach agus Ardionadaí a chruthú, a labharfadh agus a gnníomhódh thar ceann an AE i bhfóraim idirnáisiúnta. Agus chumhdaigh sé Chairt na mBuncheart isteach i ndlí an AE.

Méadú

Tá athrú ar chonrarthaí á dtiomáint freisin ag an riachtanas an AE a chur in oiriúint do mhéaduithe rialta i líon, ag fás ó 6 bhall go dtí 27:

1973 - An chéad mhéadú ar dtús: Éire, an Danmhairg agus an Ríocht Aontaithe
1981 - An Ghréig

1986 - An Phortaingéil agus an Spáinn
1995 - An Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn
2004 - An Chipir, Poblacht na Seice, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, An Pholainn, an tSlóvaic, an tSlóivéin. Seo, an méadú is uaillmhianaí, i rith Uachtaránacht na hÉireann ar an AE.
2007 - An Bhulgáir agus an Rómáin

Tiocfaidh an Chróit isteach in 2013, agus tá stádas iarrthóra faighte ag an Tuirc, an Íoslainn, Montainéagró agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine.   

Sular féidir le tír is iarrthóir dul isteach san AE, caithfidh sé reachtaíocht reatha an AE a chur i bhfeidhm, agus caighdeáin arda daonlathais, ceartais agus cearta  an duine a chomhlíonadh. Caithfidh geilleagar margaidh a fheidhmíonn go maith a bheith aici freisin. 

An Margadh Aonair

Ó bunaíodh í, ba í uaillmhian na hEorpa  margadh aonair, comhtháite go hiomlán, le saorghluaiseacht chaipitil, earraí, seirbhísí agus daoine a chruthú. B'fhusa sin a rá ná a dhéanamh.  Ach is í Ionstraim Eorpach Aonair, lena spriocdháta sé ​​bliana do chríochnú an mhargaidh aonair faoi 1992, a thug an spreagadh ba ghá. Baineadh srianta ar allmhairiú agus bacainní eile ar thrádáil. Rinneadh comhchuibhiú ar reachtaíocht agus tugadh isteach comhchaighdeáin Eorpacha,   Cuireadh prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh (.i. nach féidir táirge a mhonaraítear go dleathach i mballstát amháin a thoirmeasc ó dhíol i mBallstát eile). San iomlán, glacadh thart ar 300 phíosa reachtaíochta leis an margadh aonair a bhaint amach.
D'oibrigh an margadh aonair chun leasa shaoránaigh an AE. Tá sé tar éis  rochtain gan srian ar mhargadh 500 milliún duine a thabhairt do ghnólachtaí Eorpacha thug sé níos mó éagsúlachta ag praghsanna níos fearr do thomhaltóirí ar fud na hEorpa.

Leanann an margadh aonair ag éabhlóidiú de réir mar a athraíonn an domhan ina mairimid.  Is tosaíocht d'Uachtaránacht na hÉireann cur i bhfeidhm na mbeart i ndara Gníomh um an Margadh Aonair a chur ar aghaidh, go háirithe iad siúd a bhaineann le hearnálacha nua atá ag teacht chun cinn. Beidh béim ar leith ar an Margadh Aonair Digiteach, le saorshreabhadh trádála, seirbhísí agus siamsaíochta ar líne thar theorainneacha náisiúnta  a cheadú,  trí rialáil níos fearr, agus idirlíon ard-luais ar fáil do chách.

An euro

An 1 Eanáir, 2002 cuireadh an euro in ionad airgeadraí náisiúnta in 12 Ballstát de chuid an AE, lena n-áirítear Éire (leathnaithe anois go 17 dtír). Limistéar an euro a thugtar ar na tíortha sin. Socraíonn an Banc Ceannais Eorpach in Frankfurt rátaí úis agus rialaíonn boilsciú i limistéar an euro.

Chun an euro a ghlacadh, caithfidh Ballstáit coinníollacha a bhaineann le rátaí úis, easnaimh bhuiséid, boilsciú, fiachas ceannasach agus cobhsaíocht airgeadra a shásamh.

An ghéarchéim airgeadais domhanda, agus a tionchar ar gheilleagar an AE agus  limistéar an euro, faoi deara sásraí nua a chruthú. Cosnóidh an Sásra Cobhsaíochta Eorpach cobhsaíocht, comhordú agus rialachas agus a neartóidh sé smacht fioscach, agus cuidíonn an Comhshocrú le haghaidh Fáis agus Post beartais agus buiséid na mBallstát  a threorú.