Skip to main content
Ealaíona & Cultúr

Bliain Eorpach na Saoránach

08.01.2013, 16:54 GMT


Seolfaidh Uachtaránacht na hÉireann Bliain na Saoránach i mBaile Átha Cliath an 10 Eanáir

Is leis na saoránaigh an tAontas Eorpach. Rialtais na mBallstát, agus Baill Pharlaimint na hEorpa, a ghlacann cinntí an AE, agus is iad vótálaithe an AE a thoghann an dá cheann go díreach.
Tá réimse leathan ceart ag saoránaigh an AE freisin, cearta a ráthaíonn ár saoirsí pearsanta, fara ár saoirse le bogadh gan bhac tríd an Aontas Eorpavj, ár gcaighdeáin arda cosanta sóisialta agus oibrithe agus ár gcearta mar thomhaltóirí nó paisinéirí. Bíonn fíorthionchar ag na cearta sin ar ár saol laethúil. Ach fós tá a lán againn a dhéanann talamh slán díobh, nó nach eol dóibh iad a bheith ann. 

Mar sin, ainmníodh an bhliain seo mar Bhliain Eorpach na Saoránach leis an gcuspóir eolas ar ár gcearta mar shaoránaigh AE a scaipeadh, ionas gur féidir le daoine tairbhe iomlán a bhaint astu.  Fairis sin, spreagfaidh Bliain na Saoránach plé poiblí faoina bhfuil i gceist ag saoránacht an AE dúinne, pobal an an AE.

Seolfaidh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh José Manuel Barroso, an Taoiseach Enda Kenny agus an Tánaiste Eamon Gilmore Bliain na Saoránach go foirmiúil an 10 Eanáir 2013 i Halla stairiúil na Cathrach i mBaile Átha Cliath.

Láithreach tar éis an tseolta, tionólfaidh Leas-Uachtarán an Choimisiúin Viviane Reding agus an tAire Gnóthaí Eorpacha Lucinda Creighton Comhphlé Saoránach i gcomhar le chéile, le thart ar 200 duine ó gach slí bheatha faoin ngéarchéim eacnamaíoch reatha, cearta na saoránach Eorpach agus todhchaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir an ócáid ​​a fheiceáil beo.
Beidh sé seo ar an gcéad cheann de réimse díospóireachtaí poiblí agus imeachtaí a bheidh ar siúl ar fud an Aontais Eorpaigh in 2013. Spreagtar daoine aonair agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a gcuid moltaí féin a chur ar aghaidh chun an Bhliain a cheiliúradh.

Imeachtaí Gaolmhara

eu2013ie

Teagmhálacha

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›