Skip to main content
cgg

Cainteanna bhuiséad AE ag dul i ndéine

04.06.2013, 17:15 GMT


Cuireadh dlús le cainteanna ar bhuiséad € 960 billiún an AE, agus sé uair an chloig caibidlíochta sa Bhruiséil inniu.

Ag labhairt dó tar éis chruinniú an lae inniu, dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, Eamon Gilmore TD,:

"Rinneamar dul chun cinn maith inniu, caolaíodh na ceisteanna eadrainn. Creidim go bhfuil comhaontú insroichte fós faoi dheireadh na míosa seo, má tá dóthain tola ar gach taobh. "

"Táimid tiomanta do  ghéarú breise ar ár gcainteanna sna laethanta romhainn. Rachaidh mé  go Strasbourg an tseachtain seo chugainn d’eochairsheisiún caibidlíochta. "

Sna laethanta romhainn leanfar le plé  idir Uachtaránacht na hÉireann, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach. Beidh dhá chruinniú ullmhúcháin eile ar siúl roimh an gcéad chruinniú trípháirtí polaitiúil eile i Strasbourg Dé Máirt 11 Meitheamh.

Dúirt an Tánaiste:

"Tá práinn lenár gcainteanna, agus muid ag obair lena chinntiú go bhféadfaidh an € 960 billiún seo in infheistíocht tosú ag sreabhadh isteach inár ngeilleagair ag tús na bliana seo chugainn chun cabhrú le fás eacnamaíoch agus le poist ar fud na hEorpa a ghiniúint."

Toscaireacht Uachtaránacht na hÉireann, faoi stiúir an Tánaiste Eamon Gilmore agus an Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, Lucinda Creighton  a rinne ionadaíocht ar an gComhairle.   

 

A CHRÍOCH SIN

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

picture of Deirdre Farrell, Urlabhraí Preasa - COREPER II

Deirdre Farrell, Urlabhraí Preasa - COREPER II

T:

M:

E:

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›