D'fhéadfadh Comhpháirtíocht Trádála agus Infheistíochta AE-SAM OTI an AE a threisiú 0.5%
Beidh an tAire Post, Fiontar agus Nuála, Richard Bruton TD, ina chathaoirleach ar chruinniú neamhfhoirmiúil de Chomhairle Trádála an AE inniu (Dé Céadaoin) agus amárach (Déardaoin) a dhíreoidh ar chúrsaí trádála idirnáisiúnta lena n-áirítear Comhpháirtíocht Thrasatlantach AE-SAM Trádála agus Infheistíochta .
I láthair ag an gcruinniú freisin beidh Mike Froman, Leas-Chomhairleoir Slándála Náisiúnta SAM um Ghnóthaí Idirnáisiúnta Eacnamaíocha agus ball de Chomhairle Náisiúnta Slándála agus Comhairle Náisiúnta Eacnamaíochta SAM, duine lárnach ar cheisteanna trádála idirnáisiúnta i rialtas Obama .
Beidh Airí Trádála ó Bhallstáit uile an AE ag freastal air, fara Coimisinéir an AE um Thrádáil Karel De Gucht.
An cinneadh Comhairle Trádála neamhfhoirmiúil a óstáil, léiríonn an tosaíocht a thugann Uachtaránacht na hÉireann do cheisteanna trádála idirnáisiúnta, go háirithe chun sainordú a fháil le tús a chur le caibidlíocht ar Chomhpháirtíocht Thrasatlantach Trádála agus Infheistíochta (TTIP). Tá na ceisteanna sin ina bpríomhthosaíochtaí i gcomhthéacs chlár oibre na hUachtaránachta, Cobhsaíocht, Poist agus Fás.
Seo an chéad uair a bheidh ionadaí Rialtas SAM fara Airí Bhallstáit an AE ag Comhairle Trádála an AE le haghaidh plé faoi na deiseanna leathana is féidir le TTIP a thabhairt le caidreamh trádála an AE-SAM a neartú. Ar thuras le déanaí chuig Washington DC bhuail an tAire Bruton leis an Uasal Froman, chomh maith le hIonadaí Trádála SAM an uair sin, Ron Kirk.
Dar le measúnuithe a rinne Coimisiún an AE agus comhlachtaí Eorpacha eile, d'fhéadfadh Chomhpháirtíocht chuimsitheach Trádála agus Infheistíochta le himeacht ama 0.5% a chur le hOTI an AE in aghaidh na bliana agus cabhrú le thart ar 400,000 post a chruthú san AE.
Bunaithe ar na measúnuithe sin, mura dtairbheodh Éire ach go simplí i gcomhréir le méid ár ngeilleagar, d'fhéadfadh comhpháirtíocht chuimsitheach trádála agus infheistíochta le himeacht a € 800 millún in aghaidh na bliana in OTI méadaithe, agus 4000 post nua, a chur ar fáil d'Éirinn.
Dúirt an tAire Richard Bruton: "Tá súil agam go gcuirfidh an cruinniú neamhfhoirmiúil de Chomhairle Trádála an AE ar ár gcumas leanúint leis an dul chun cinn láidir atá á dhéanamh ar cheisteanna trádála idirnáisiúnta le linn Uachtaránacht na hÉireann. Lárnach ina measc sin tá an Chomhpháirtíocht Trádála Thrasatlantach ionchasach idir an AE agus SAM. Tá dul chun cinn a dhéanamh uirthi sin ina thosaíocht ag Uachtaránacht na hÉireann. "
"Chuir caidreamh speisialta na hÉireann le SAM ar mo chumas gné bhreise a chur le cruinniú Trádála seo Airí an AE. Den chéad uair beidh Rialtas SAM ag freastal ar chruinniú de Chomhairle Trádála an AE. Ceadóidh sé seo teagmháil dhíreach idir na Ballstáit agus SAM. Is féidir leis sin ach cabhrú ach ár gcomhthuiscint ar chuspóir a mhéadú agus an próiseas a chur chun cinn."
"Bíodh gur barrthosaíocht é comhaontú saorthrádála le SAM, níl ann ach ceann amháin de na cinn ar a bhfuilim dírithe mar Chathaoirleach ar Chomhairle Trádála an AE. Tá tualaing ollmhór don AE agus d'Éirinn i gcur gcrích na gcomhaontuithe trádála nua le Ceanada agus san fhadtéarma leis an tSeapáin freisin. Táimid ag leathnú na gcomhaontuithe trádála nua AE in eochair-mhargaí na hÁise agus tá cainteanna trádála ar siúl le geilleagair atá ag fás go tapa, mar shampla Vítneam, An Téalainn agus an Mhalaeisia.
A CHRÍOCH SIN
NÓTAÍ D'EAGARTHÓIRÍ
Is ionannn trádáil idir an AE agus SAM agus breis is 40% d'OTI an domhain, agus earraí agus seirbhísí ar fiú € 2 billiún iad á dtrádáil thar an Atlantach Thuaidh gach lá.
Tá d'acmhainn ag comhaontú nua cuimsitheach, uaillmhianach 0.5% a chur le hOTI sa dá gheilleagar. Mar gheall ar mhéid an gheilleagair thrasatlantaigh b'ionann sin agus € 68 billiún breise don AE.
"Borradh thar a bheith luachmhar" d'onnmhaireoirí a bheidh sa chomhaontú seo d'oibrithe agus d'onnmhaireoirí na hÉireann agus an AE, dar le halt leis an Aire Bruton a foilsíodh an tseachtain seo.
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter