Skip to main content
cgg

Uachtaránacht na hÉireann – tús le cainteanna ríthábhachtacha ar bhuiséad an AE

13.05.2013, 00:01 GMT


Tá faoi Éirinn aontú ar bhuiséad an AE a fháil roimh dheireadh Uachtaránacht na hÉireann

Beidh an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore TD, ag taisteal go dtí an Bhruiséil níos déanaí  inniu chun tús a chur le caibidlíocht fhoirmiúil ar  bhuiséad € 960 billiún an AE, nó an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Leanann sé cainteanna géarchoir an tseachtain seo caite i bpríomhchathair na Beilge, áit ar bhuail an Taoiseach agus an Tánaiste le huachtaráin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún, Martin Schulz agus Manuel Barroso. Ag an gcruinniú sin, thángthas ar chomhaontú maidir le conas dul ar aghaidh le caibidlíocht an CAI go foirmiúil.

Beidh an Tánaiste, fara an Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, Lucinda Ní Chríodáin TD, ag bualadh inniu le idirbheartaithe ó Pharlaimint na hEorpa, faoi stiúir an Uasail Alain Lamassoure FPE, agus idirbheartaithe ón gCoimisiún Eorpach, faoi cheannas an Choimisinéara Lewandowski.

Ag labhairt dó roimh chruinniú an lae inniu, dúirt an Tánaiste: "D’éirigh linn próiseas na gcainteanna a dhíghlasáil ag ár gcéad chruinniú an tseachtain seo caite tar éis tréimhse ina raibh stop tagtha orthu. Is é is aidhm dom anois comhaontú Pharlaimint na hEorpa a fháil ar € 960 billiún i maoiniú AE do na seacht mbliana atá romhainn roimh dheireadh mhí an Mheithimh."

Tánaiste:  Tá an-tábhacht leis an am. Ní mór dúinn teacht ar chomhaontú foriomlán roimh dheireadh Uachtaránacht na hÉireann chun a chinntiú gur féidir na cistí nua a bheith i bhfeidhm faoi dheireadh na bliana seo. Beidh an maoiniú sin ríthábhachtach le tacú le poist, fás agus iomaíochas ar fud na hEorpa. "


Ar an € 960 billiún maoinithe AE atá beartaithe do 2014-2020 áirítear

  • € 91 billiún le haghaidh feabhas a chur ar iomaíochas na hEorpa
  • € 80 billiún i gcomhair taighde agus nuála tríd an gClár Fís 2020
  • € 325 billiún le comhtháthú a thógáil i measc réigiúin na hEorpa trí chistí struchtúracha
  • € 6 billiún go sonrach chun dul i ngleic le dífhostaíocht na hóige
  • € 30 billiún le líonraí iompair, fuinnimh agus digiteacha na hEorpa a fheabhsú
  • € 19 billiún don Chlár Erasmus chun tacú le malartuithe mac léinn

Tá an chaibidlíocht ar an CAI ag leanúint ar aghaidh i gcomhthreo le caibidlíocht ar an dréachtbhuiséad leasaitheach (DAB)le buiséad an AE do 2013. Tá na cainteanna ar an DAB á dtabhairt ar aghaidh ag an Aire Michael Noonan agus a fhoireann sa Chomhairle Ecofin.

I mí Feabhra, thug ceannairí an AE sainordú d’Uachtaránacht na hÉireann le haontú Pharlaimint na hEorpa do bhuiséad an AE a fháil. Ní mór ‘toiliú’ Pharlaimint na hEorpa don  bhuiséad.

Mar Chathaoirleach ar an gComhairle Gnóthaí Ginearálta le linn Uachtaránacht na hÉireann, tá an Tánaiste ag léiriú tuairimí na mballstáit AE sna cainteanna trí-bhealach faoin mbuiséad.

Tá Uachtaránacht na hÉireann ag obair freisin le comhaontú a fháil idir na Ballstáit ar bhreis is 60 clár agus ciste AE, idir Erasmus, an Comhbheartas Talmhaíochta, taighde AE ​​agus maoiniú forbartha.

Comhaontú ar mhaoiniú an AE feasta a fháil agus obair a chur chun cinn ar gach ceann de na cláir AE a thacaíonn le cobhsaíocht, poist agus fás, sin mórsprioc Uachtaránacht na hÉireann.

A CHRÍOCH SIN

 

Nótaí d’Eagarthóirí

Breis eolais uait faoi bhuiséad € 960 billiún an AE? Léigh ár mínitheoir

Tá treoracha grafacha ar an bpróiseas le fáil anseo

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

picture of Deirdre Farrell, Urlabhraí Preasa - COREPER II

Deirdre Farrell, Urlabhraí Preasa - COREPER II

T:

M:

E:

picture of Andrea Pappin, Urlabhraí Preasa na hUachtaránachta

Andrea Pappin, Urlabhraí Preasa na hUachtaránachta

T:

M:

E:

picture of Gerald Angley, Stiúrthóir Polasaí Cumarsáide

Gerald Angley, Stiúrthóir Polasaí Cumarsáide

T:

M:

E:

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›