Skip to main content
agri

Lá stairiúil don Chomhbheartas Talmhaíochta – stiúrann Uachtaránacht na hÉireann na hinstitiúidí Eorpacha chuig athchóiriú suntasach.

26.06.2013, 18:00 GMT


D’fháiltigh Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann, Simon Coveney, TD, inniu roimh roimh chor stairiúil in éabhlóid an Chomhbheartais Talmhaíochta. Bhí an tAire ag labhairt tar éis cruinnithe de Choiste Talmhaíochta agus Forbairt na Tuaithe Pharlaimint na hEorpa, a d’fhormheas comhaontú polaitiúil ar leasú an CBT a sroicheadh níos luaithe sa lá idir an Chomhairle, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach.

Seo an chéad uair a baineadh amach athchóiriú mór ar an CBT le rannpháirtíocht ó Pharlaimint na hEorpa, agus léiríonn sé gur éirigh le cuspóir na hÉireann comhaontú polaitiúil foriomlán a fháil roimh dheireadh a hUachtaránachta ar an AE.

Chuaigh an tAire Coveney ar aghaidh le cur síos ar na gnéithe is mó den chomhaontú. Ar dháileadh na n-íocaíochtaí díreacha laistigh de na Ballstáit, d'aontaigh na hinstitiúidí, i dteannta le togra an Choimisiúin íocaíocht ar ráta comhréidh faoi 2019, go mbeidh rogha ag na Ballstáit an tsamhail um chóineasú páirteach a mhol Éire a chur i bhfeidhm, faoi réir íocaíochta íosta in aghaidh an fheirmeora de 60% den mheáníocaíocht náisiúnta nó réigiúnach in aghaidh an heicteáir faoi 2019. Beidh rogha ag na Ballstáit freisin  leibhéal uasta íocaíochta a chur i bhfeidhm, agus leis an méid a athdháilfear ó fheirmeoirí aonair a theorannú go 30% dá n-íocaíochtaí iomlána.

Dúirt an tAire Coveney-
"Tá mé muiníneach go mbainfidh feirmeoirí ar fud an Aontais Eorpaigh leas as na forbairtí seo, agus is féidir le saoránaigh na hEorpa a bheith cinnte go bhfuil acmhainní á gcaitheamh ar bhealach éifeachtach, cothrom, inbhuanaithe."

Aire Coveney dúirt:
"Tá áthas orm gur bhain Uachtaránacht na hÉireann amach a cuspóir, sin athchóiriú ar an CBT a chur i gcrích le linn a hUachtaránachta ar an Aontas Eorpach. Léiríonn an comhaontú forbairt an-suntasach i stair an CBT. Den chéad uair, tháinig na trí institiúid Eorpacha le chéile le creat a aontú d'fhorbairt na hearnála talmhaíochta san Eoraip, agus rinne siad beartas a dhaingníonn forbairt inbhuanaithe na hearnála suas go dtí 2020 agus ina dhiaidh."

Dúirt an tAire Coveney:
"Tá pacáiste an-chothrom againn anseo. Na heilimintí éagsúla, ó ghlasú na n-íocaíochtaí díreacha, trínár bplé le feirmeoirí beaga, óga agus gníomhacha go dtí an   nuachóiriú ar an mbealach ina ndéanaimid cláir forbartha tuaithe a chur i bhfeidhm agus faireachán a dhéanamh ar mhaoiniú agus cur i bhfeidhm an CBT, léiríonn siad uile conas is féidir le cur chuige cuiditheach sna hinstitiúidí Eorpacha creat an-dearfach, nua-aimseartha d'fhorbairt leanúnach na hearnála talmhaíochta a chur ar fáil. Tá mé muiníneach go mbainfidh feirmeoirí ar fud an Aontais Eorpaigh leas as na forbairtí seo, agus is féidir le  saoránaigh na hEorpa a bheith cinnte go bhfuil acmhainní á gcaitheamh ar bhealach éifeachtach, cothrom, inbhuanaithe."

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

picture of Martina Kearney, Preasoifigeach

Martina Kearney, Preasoifigeach

T:

M:

E:

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›