Skip to main content
compet, jha, tte, envi, eycs, ecofin, epsco, cgg, cge, agri

Bhuail an Rialtas le Comhdháil na nUachtarán ó Pharlaimint na hEorpa sa chéad imeacht foirmiúil in Uachtaránacht AE na hÉireann.

22.08.2012, 11:16 GMT


Leagann an Taoiseach agus an Tánaiste béim ar fhócas Uachtaránacht na hÉireann ar chobhsaíocht, poist agus fás.

Tá an Taoiseach agus an Tánaiste, fara airí eile, ag óstáil Chomhdháil na nUachtarán ó Pharlaimint na hEorpa i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inniu.  Seo an chéad imeacht foirmiúil a bhaineann leis an Uachtaránacht is a tionóladh in Éirinn.

[Testinggallery]

An Taoiseach agus an Tánaiste a chuir fáilte roimh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Martin Schulz, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath tráthnóna. Tar éis cruinniú gearr tosaigh roimh an gcruinniú iomlánach le hAirí agus na ceannairí parlaiminte, bhí comhdháil phreasa ar siúl.

Ag fáiltiú roimh an Uachtarán Schulz, dúirt an Taoiseach,  Enda Kenny TD:
"Is féidir liom a insint duit go mbeidh Uachtaránacht na hÉireann i mbun ghnó na réiteach toisc gur leis sin atá súil ag daoine, agus gan aon rud níos lú. 2013, tar éis an tsaoil, Bliain Eorpach na Saoránach."


Beidh an difríocht i gceist againn a dhéanamh a bheith go léir thart ar thrí chuspóir. Cobhsaíochta, poist agus fás.

Trí chuspóir a bheidh sa difríocht atá fúinn a dhéanamh.  Cobhsaíocht, poist agus fás.

Chríochnaigh an Taoiseach:
"Táim ag tnúth le dul ag obair, mar thír théarnaimh i gceannas ar Eoraip théarnaimh. Tá na hullmhúcháin beagnach thart. Táimid réidh le gnó a dhéanamh mar Uachtaránacht, ag tosú i gcúpla seachtain. "
Dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore TD:
"Agus an iliomad saincheisteanna práinneacha ar na bacáin agus an uachtaránacht á glacadh ar láimh againn an 1 Eanáir, tá Éire réidh le hUachtaránacht éifeachtach, éifeachtúil a reáchtáil. 
Táimid ag smaoineamh cheana féin ar ár ról maidir le brú ar son comhaontaithe ar bhuiséad an AE – atá go cinnte ar bharr mo chláir oibre mar Chathaoirleach nua na Comhairle Gnóthaí Ginearálta.

Céim ríthábhachtach i dtreo comhtháthú sóisialta neartú agus dífhostaíocht a thtroid is ea comhaontú ar an CAI – go háirithe dífhostaíocht na n-óg. Táimid dírithe freisin ar dhul chun cinn dáiríre a dhéanamh ar an méadú, agus ar leas a bhaint as buntáistí eacnamaíochta an Mhargaidh Aonair ".

CRÍOCH

Cúlra

Gné thábhachtach de sceideal na dteagmhálacha réamh-Uachtaránachta ia ea an chuairt ó cheannairí Pharlaimint na hEorpa. Tá ceannairí na Parlaiminte agus an rialtas, faoi cheannas an Taoisigh agus an Tánaiste, ag plé thosaíochtaí Uachtaránacht na hÉireann do na sé mhí ó Eanáir-Meitheamh 2013. Is féidir na tosaíochtaí sin a achoimriú mar chobhsaíocht, poist agus fás.
Beidh Comhairle an Aontais Eorpaigh, a ionadaíonn rialtais náisiúnta na mBallstát, faoi chathaoirleacht Airí na hÉireann ar feadh ré na hUachtaránachta sé mhí, ag tosú an 1 Eanáir. Is í Parlaimint na hEorpa an institiúid AE a chomhchinneann reachtaíocht leis an gComhairle, agus Uachtaránacht an AE mar phríomhchomhpháirtí idirbheartaíochta thar ceann na mBallstát.

Tá toscaireacht Pharlaimint na hEorpa á treorú ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Martin Schulz, agus ag cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla sa Pharlaimint. Le linn a gcuairte dhá lá, ar a dtugtar Comhdháil na nUachtarán, beidh cuairt ar an Oireachtas agus cruinniú leis an Uachtarán in Áras an Uachtaráin.

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›

  • Conference of Presidents
  • Conference of Presidents 2