Skip to main content
cgg, agri, cge, compet, ecofin, envi, epsco, eycs, jha, tte

Tá eu2013.ie i mbun oibre anois, agus tá gach rud atá uait faoi Uachtaránacht na hÉireann ann

17.12.2012, 10:33 GMT


Glacann Éire Uachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 1 Eanáir. Tá suíomh gréasáin Uachtaránacht na hÉireann, eu2013.ie, beo inniu agus feasta.

Seoladh suíomh gréasáin Uachtaránacht na hÉireann, eu2013.ie, inniu. 

Beidh eu2013.ie ina uirlis thábhachtach d’Uachtaránacht na hÉireann. Tá súil againn go mbeidh  an suíomh gréasáin úsáideach do na meáin agus d’fheidhmeannaigh ar fud na hEorpa. Tá rólanna praiticiúla tábhachtacha aige - nuacht na hUachtaránachta a roinnt go tapa, cur síos ar na socruithe dár gcruinnithe Uachtaránachta, cabhrú leat teacht ar an Éireannach teagmhála atá uait. D’úsáideamar an suíomh freisin le roinnt eolais cúlra ar ár nUachtaránacht, agus ar an AE, a leagan amach go soiléir, simplí, agus le hÉirinn a chur ar taispeáint dár gcuairteoirí Eorpacha.

Is é an suíomh gréasáin a bheidh mar phríomhfhoinse don nuacht is déanaí ón Uachtaránacht.  Beidh tuairisciú agus gné-ailt uasdátaithe air as Gaeilge, Béarla, Fraincis agus Gearmáinis. Beidh úsáideoirí in ann an Uachtaránacht a leanúint is iad ag taisteal, trí leagan soghluaiste an tsuímh ghréasáin, agus trí chuntas Twitter na hUachtaránachta.   

Ar eu2013.ie tá féilire iomlán de na cruinnithe go léir a bheidh ar siúl sa Bhruiséil agus i mBaile Átha Cliath. Beidh creidiúnú ar líne ar fáil do na toscairí agus do na meáin, agus beidh teacht acu ar ar an bhfaisnéis uile atá uathu roimh gach cruinniú, lena linn agus ina dhiaidh. Beoshruthófar imeachtaí mór le rá ar an suíomh gréasáin.

Eochair-uirlis d’Uachtaránacht na hÉireann a bheidh in eu2013.ie


Gheobhaidh cuairteoirí an tsuímh an duine atá uathu- urlabhraí preasa, feidhmeannach inár mBuanionadaíocht sa Bhruiséil, státseirbhíseach i mBaile Átha Cliath - trínár leathanach teagmhála ar líne agus Cé hé Cé na hUachtaránachta againn.

Ar an suíomh gréasáin freisin tá eolas cúlra chun obair na hUachtaránachta, agus an AE, a mhíniú. Agus deis is ea an Uachtaránacht do dhaoine le haithne a chur in Éirinn. Gheobhaidh tú go leor eolais faoi Éirinn - ár Rialtas, ár stair, ár gcultúr - chomh maith le leideanna le cabhrú leat an taitneamh is mó a bhaint as cuairt orainn.

Táimid ag tnúth le fáilte a chur romhat chuig ár suíomh, a beidh á uasdátú gan sos againn roimh an Uachtaránacht agus lena linn go léir. 

Imeachtaí Gaolmhara

Féach ar Imeachtaí Gaolmhara uile >

eu2013ie

02.07.2013, 10:29 eu2013ie Taoiseach Enda Kenny presents results of the Irish Presidency #eu2013ie in address to the European Parliament #EU eu2013.ie/news/news-item…

02.07.2013, 10:14 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "Our shared identity exists beyond the realm of mere economics or currency or money." #eu2013ie #EU

02.07.2013, 10:10 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "#MFF is the single, biggest investment tool we have at our disposal. We need to come together and use it forthwith." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "By listening actively I believe we managed to address the main issues of concern identified by EP raised in March." #eu2013ie

02.07.2013, 10:08 eu2013ie RT @IrelandRepBru Taoiseach: "The result identifies best way to ensure that almost €1trillion for #MFF is released as soon as possible into real economy."

Teagmhálacha

Nuacht Ghaolmhar


Féach Nuacht Ghaolmhar Uile ›